An Phíomh Oifig Staidrimh na hÉireann

Skip navigation |

Saoráil Faisnéise

 

Acht ar Shaoráil Faisnéise 1997

Print Icon
Asphrionta
Méid an chló
  a athrú
A.
A.
A.

Teacht ar Eolas

Tugann na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise an ceart duit teacht ar chuntais atá ag Ranna, agus Oifigí Rialtais agus ag roinnt eagraíochtaí poiblí. Chun teacht ar chuntais sa LOS, caithfear iarratas a dhéanamh i bhfoirm scríofa (is féidir an fhoirm iniata leis seo a úsáid) chuig:

 

An tOifigeach Um Shaoráil Faisnéise, LOS, Bóthar Bhaile Átha Fhirdhia, Rath Maonais, Baile Átha Cliath 6.

 

Glactar le hiarratais ríomhphoist chomh maith. Ní gá míniú a thabhairt cén fáth a theastaíonn uait teacht ar na cuntais. Caithfidh an eagraíocht phoiblí míniú a thabhairt duitse muna dtugann siad duit na rudaí a iarrann tú orthu. Déanfar cinneadh maidir le d’iarratas taobh istigh de cheithre mhí de ghnáth.


Is féidir iarratas a dhéanamh, faoi réir díolúnití áirithe atá sonraithe san Acht, ar na cuntais seo a leanas:

  • aon chuntas, is cuma cén uair a cruthaíodh é, a bhaineann go pearsanta leatsa.
  • gach cuntas eile, cruthaithe tar éis 12 Aibreán 1998 nach bhfuil fáil ag an bpobal air go ginéarálta

D’fhéadfadh cuntas a bheith i bhfoirm doiciméid ar phaipéar, a bheith mar eolas ar ríomhaire, mar asphriontaí, mar léarscáileanna, mar phleananna, mar mhiocrascannán, mar mhiocrafiche, mar ábhar clos-amhairc, srl.

 

Tá réamhchostas €15 maidir le hiarratais ar eolas neamhphearsanta (€10 dóibh siúd le cártaí leighis)

 

Tá táillí fotocóipeála le n-íoc maidir le hiarratais ar eolas pearsanta. Seans go mbeidh táillí le n-íoc maidir le cuardach agus aisghabháil eolais eile. Is féidir níos mó eolais a fháil ach iarratas a dhéanamh.

 

Muna bhfuil tú sásta le cinneadh an iarratais faoin Acht SF is féidir athbhreithniú inmheánach a iarradh ar an Roinn nó eagraíocht. Déanfaidh oifigeach níos sinsearaigh athbhreithniú ar d’iarratas ansin. Inseofar an toradh duit taobh istigh de thrí seachtaine. Muna bhfuil tú sásta leis seo, is féidir athbhreithniú a iarradh ar:

 

An Coimisinéir Eolais, 18 Sráid Leeson Íochtarach, Baile Átha Cliath 2

 

Díolúinte Staitisticiúil

 

Tá díolúinte ag eolas staitisiciúil atá soaitheanta atá ag an LOS ó fhórálacha an Achta SF. Leanfar le príobháideachas na gcuntas seo a chosaint faoin Acht um Staitisticí 1993. Tá an mhórchuid de ghabháltas an LOS i gceist anseo.

 

Treoir maidir le heolas LOS

 

Tá sonraí maidir le rangú na gcúntas atá ag an LOS foilsithe i Leabhar Tagartha, mar atá éilithe faoi Mhíreann 15 agus 16 den Acht SF. Is féidir teacht ar seo i leabharlanna LOS i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh, nó ar shuíomh idirlín an LOS (http://www.cso.ie) nó go díreach ón LOS.

 

Tá sonraí faoin réimse leathan eolais staitisticiúil a scaipeann an LOS go rialta le fáil i dTreoir atá saor in aisce ó Rannóg Eolais an LOS i gCorcaigh (folíne 5028, 5029 nó 5030).

 

Tuilleadh Eolais nó Cúnaimh

 

Chun tuilleadh eolais nó cúmaimh a fháil maidir le feidhmiú an Achta SF taobh istigh den LOS téigh I dteangmháil le:

Pauline Reynolds, Lároifig Staidrimh, Bóthar Bhaile Átha Fhirdhia, Rath Maonais,
Baile Átha Cliath 6 (folíne 4231)



 

Príomh-Oifig Staidrimh, Bóthar na Scéiche Airde, Corcaigh.
Fón: 353-21-4535000 | Facsuimhir: 353-21-4535555 | Glao Áitiúil: 1890 313 414 | Ríomhphost: webmaster@cso.ie