An Phíomh Oifig Staidrimh na hÉireann

Skip navigation |

Dean Teaghmháil Linn

 

Gnáthaimh maidir le Gearáin Chustaiméirí

Print Icon
Asphrionta
Méid an chló 
  a athrú
A.
A.
A.

Tiomantas an Phríomh-Oifig staidrimh (CSO) maidir le Seirbhís Ardcháilíochta

 

Tá an tArd-Stiúrthóir agus a fhoireann tiomanta do sheirbhís ardchaighdeáin a sholáthar do gach duine a dhéileálann leis an an Phríomh-Oifig staidrimh (CSO). Oibrímid go dian chun caighdeán na seirbhíse a sholáthraímid a chothú agus a fheabhsú agus fadhbanna a laghdú.

 

Táimid tiomanta freisin don ualach ar ár soláthróirí sonraí a laghdú agus déileáil leo chomh éifeachtach agus is féidir.

 

Chomh maith leis sin, déileáiltear le gach faisnéis a thugtar don an Phríomh-Oifig staidrimh (CSO) mar fhaisnéis rúnda. Ní féidir aon sonraí a d’fhéadfadh a bheith bainteach le duine nó le beartaíocht gnó aitheanta, le dlí, a thabhairt d’aon chomhlacht nó Roinn Rialtais eile.

 

Mura bhfuil tú sásta leis an seirbhís a sholáthraímid, cuir ar an eolas muid le do thoil. Is é sin an t-aon bhealach is féidir linn cúrsaí a fheabhsú. Fáiltímid roimh aiseolas agus déileálfaimid le do ghearáin go sciobtha, go neamhchlaonta agus faoi rún.

 

An bealach chun Gearáin a dhéanamh

 

Moltar an cur chuige seo a leanas:

  • Ar dtús ba chóir gearáin a chur chuig rannóg chuí na hOifige, ar an nguthán nó i scríbhinn. Déanfaidh an fhoireann ansin iarracht an gearán a réiteach gan mhoill.
  • Mura féidir leis an bhfoireann ansin réiteach a fháil ar an ábhar nó mura bhfuil tú sásta lena bhfreagra, ba chóir duit a iarradh go gcuirfí do ghearán ar aghaidh ag an mBainisteoir.
  • Má tá tú fós míshásta leis an bhfreagra, ba chóir duit dul i dteagmháil leis an Oifigeach Caidrimh Custaiméirí a dhéanfaidh socrú go ndéanfar fiosrúchán oifigiúil ar do ghearán. Seo a leanas a chuid sonraí teagmhála:

Mr Eamonn Dorney

Oifigeach Caidreamh Custaiméirí

An Phríomh-Oifig Staidrimh

Bóthar an Sceithe Airde

Corcaigh

Lóghlao:1890 313 414

Teil: 021 - 453 5036

Facs: 021 - 453 5555

Ríomhphost: cro@cso.ie

 

Faisnéis ba chóir a sholáthar

Cabhróidh leis an bhfiosrúchán ar do ghearán a dhéanamh níos sciobtha trí na sonraí seo a leanas a sholáthar:

  • an dáta ar tharla sé;
  • d’ainm, do sheoladh agus d’uimhir thagartha an phríomh-Oifig staidrimh (CSO) (má tá ceann agat);
  • an rud go díreach a bhfuil tú míshásta leis;
  • ainm an oifigigh/na n-oifigeach nó na rannóige/rannóga a bhí ag déileáil leat (má tá siad ar eolas agat);
  • uimhir teileafóin nó facs má tá tú sásta go rachfaí i dteagmháil leat ar an teileafón - cabhróidh sé seo linn an cheist a réiteach níos sciobtha.

An féidir leat achomharc a dhéanamh?

Mura bhfuil tú sásta le toradh an athbhreithnithe ón Oifigeach Caidrimh Custaiméirí is féidir an t-ábhar a achomharc chuig:

Liam Hogan

Ceann an Riaracháin

An Phríomh-Oifig Staidrimh

Bóthar an Sceithe Airde,

Corcaigh

Lóghlao: 1890 313 414

Teil: 021 - 4535 500 Ext 5089

Facs: 021 - 453 5128

Ríomhphost: You can contact the above person by e-mail using firstname.lastname@cso.ie

 

Mura bhfuil an t-ábhar réitithe faoi seo?

Mura bhfuil tú sásta le toradh an achomhairc nó leis an mbealach a rinneadh é, féadfaidh tú an t-ábhar a chur chuig an Ombudsman. Tá an tOmbudsman go hiomlán neamhspleách ar an phríomh-Oifig staidrimh (CSO) agus is féidir dul i dteagmháil léi ag:

 

An tOmbudsman

52 Faiche Stiabhna,

Baile Átha Cliath 2

Ríomhphost: ombudsman@ombudsman.irlgov.ie

Teil: 01 - 678 5222

Facs: 01 - 661 0570

 

Mar sin féin, b’fhearr linn i gcónaí an t-ábhar a réiteach muid féin leis an ngearánaí.

 

Tiomantais an phríomh-Oifig staidrimh (CSO)

 

Táimid tiomanta do na rudaí seo a leanas:

  • caitheamh le gearáin go sciobtha, go neamhchlaonta, go mothálach agus faoi rún;
  • gearáin a réiteach, nuair is féidir, ag an gcéad phointe teagmhála;
  • aon ghníomh mícheart nó míchuí a dhéanfaimid a cheartú a luaithe is féidir;
  • déileáil leis na gearáin taobh istigh de choicís ó na bhfáil agus mura féidir an sprioc seo a chomhlíonadh, dul i dteagmháil leat agus a mhíniú duit cén fáth agus tiomantas a dhéanamh freagra a thabhairt faoi dháta sonraithe;
  • foghlaim ó bhotúin chun a chinntiú nach ndéantar na botúin chéanna arís.


 

Príomh-Oifig Staidrimh, Bóthar na Scéiche Airde, Corcaigh.
Fón: 353-21-4535000 | Facsuimhir: 353-21-4535555 | Glao Áitiúil: 1890 313 414 | Ríomhphost: webmaster@cso.ie