|
4 Deireadh Fómhair 2007
Foilsítear inniu Daonáireamh 2006 Imleabhar 9 - An Ghaeilge. Tá staitisticí san imleabhar seo a bhaineann leis an nGaeilge ag leibhéal sonraithe geografach.
- Chuir beagnach 1.66 milliún duine in iúl go bhfuil Gaeilge acu - beagnach 42% den daonra. Ach, ní labhraíonn 60% díobh seo í ach go hannamh, labhraíonn siad riamh an teanga.
- Labhraíonn beagnach 57% de na gaeilgeoirí a bhfuil cónaí sa Ghaeltacht orthu an Ghaeilge go laethúil ach bhí beagainín os cionn 38% díobh sin á labhairt taobh istigh den chóras oideachais amháin.
Bhí gaeilgeoir amháin ar a laghad i 53.4% de theaghlaigh phríobháideacha, sa Ghaeltacht bhí an figiúr seo chomh hard le beagán os cionn 80%.
- Tá an céatadán is airde de ghaeilgeoirí sa Daingean ag 62.3%.
- Múinteoirí (78%) , Gardaí (74%) agus an Chléir (59%) is mó a bhfuil sé ar a gcumas Gaeilge a labhairt.
Tuilleadh eolais ar fáil ach an preas ráitis a íoslódáil:
20 Meán Fómhair 2007
Foilsítear inniu Daonáireamh 2006 Imleabhar 8 - Gairmeacha. Tá staitisticí san imleabhar seo a bhaineann le gairmeacha ag leibhéal cuimsitheach geografach.
Is iad seo a leanas príomh chinn línte an imleabhair seo:
- Tá an rannpháirtíocht is airde sa lucht oibre ag oibrithe ón 10 Stáit nua san AE
- Ardú mór i ngairmeacha a bhaineann leis an tógáil
- Tá an líon is airde oibrithe cléireachais i mbailte timpeall ar Bhaile átha Cliath
- Meath leanúnach i ngairmeacha déantúsaíochta
- Mullach íde ag barr an scála soch-eacnamaíoch
Tuilleadh eolais ar fáil ach an preas ráitis iomlán a íoslódáil:
6 Meán Fómhair 2007
Foilsítear inniu Daonáireamh 2006 Imleabhar 7 - Príomhstádas Eacnamaíoch agus Tionscail. Tá staitisticí san imleabhar seo a bhaineann le príomhstádas eacnamaíoch, rannpháirtíocht sa lucht oibre, fostaíocht agus tionscail ag leibhéal sonraithe geografach.
Is iad seo a leanas príomh chinn línte an imleabhair seo:
- Rannpháirtíocht sa lucht oibre is airde i Sord
- Dífhostaíocht is airde i mBéal an átha
- Céatadán is airde d'oibrithe óstáin i gCill áirne
- Fir is mó atá ag plé leis an tógáil
- Rugadh os cionn aon trian d'oibrithe Turasóireachta thar lear
Tuilleadh eolais ar fáil ach an preas ráitis iomlán a íoslódáil:
16 Lúnasa 2007
Foilsítear inniu Daonáireamh 2006 Imleabhar 6 - Tithíocht. Tá staitisticí san imleabhar seo a bhaineann le tithíocht, cineál sealbhaíochta, cíos &rl. ag leibhéal sonraithe geografach.
- Mór thógáil tithe i bhFine Gall agus i gCo na Mí
- Méadú leanúnach in áitribh phríobháideacha ar cíos
- Ardú ar líon na n-áitreabh cónaithe níos lú
- Difríocht mhór i rochtain ar an mbanda leathan
- Tithe aonair iad an cheathrú chuid d'áitribh chónaithe príobháideacha
- áitribh fholamha iad 15% den stoc iomlán tithíochta
Tuilleadh eolais ar fáil ach an preas ráitis iomlán a íoslódáil:
26 Iúil 2007
Foilsítear inniu Daonáireamh 2006 Imleabhar 5 - Cúlra Eitneach nó Cultúr (Lucht Taistil na héireann san áireamh). Tá torthaí ar fáil san imleabhar seo a bhaineann le cúlra eitneach nó le cultúr na ndaoine a bhfuil gnáthchónaí sa Stát orthu, Lucht Taistil na héireann san áireamh, agus clúdaíonn sé na príomhcheisteanna déimeagrafacha agus socheacnamaíocha ar déanadh idirdhealú orthu sa dhaonáireamh.
Is iad seo a leanas na cinnlínte ó Imleabhar 5 - Cúlra Eitneach nó Cultúr (Lucht Taistil na héireann san áireamh):
Seisear as gach deichniúr de phobal áiseach na héireann ina gcónaí i mBaile átha Cliath
Rugadh níos mó ná duine amháin Dubh nó Dubh éireannach as gach ceathrar in éirinn
An céatadán is airde daoine Dubha nó éireannacha Dubha i gCo Lú
Caitlicigh don chuid is mó iad na pobail eitneacha éagsúla
Proifíl aoise níos óige ag Lucht Taistil na héireann
An céatadán is airde de Lucht Taistil na héireann i dTuaim
Le tuilleadh eolais a fháil is féidir an preas ráitis ina iomlán a íoslódáil
› Preas Ráitis Imleabhar 5 - Cúlra Eitneach nó Cultúr
› Imleabhar 5 - Cúlra Eitneach nó Cultúr (Lucht Taistil na héireann san áireamhéarla)
12 Iúil 2007
Foilsíodh inniu Imleabhar 4 Daonáireamh 2006 - Gnátháit Chónaithe, Imirce, áiteanna breithe agus Náisiúntacht. Tugann an t-imleabhar seo sonraí maidir le gnátháit chónaithe, patrún imirce, áit bhreithe agus náisiúntacht ag leibhéal sonraithe geografach.
Is iad seo a leanas cinnlínte ó Imleabhar 4 - Gnátháit chónaithe, Imirce, áiteanna Breithe agus Náisiúntacht:
Tá an céatadán is airde náisiúnaigh neamh-éireannacha i mBaile átha Cliath
Ceathrar i ngach deichniúr ina gcónaí i nGort Inse Guaire ina náisiúnaigh
neamh-éireannacha
Níos mó teaghlaigh de náisiúntacht meascaithe
Daoine ógá singil iad formhór na n-inimirceach
Beirt as gach triúr ina gcónaí i gcontae a mbreithe
Le tuilleadh eolais a fháil, íoslódáil an preas ráitis iomlán:
28 Meitheamh 2007
Foilsíodh inniu na Príomhthorthaí Socheacnamaíocha ó Dhaonáireamh 2006. Tugann an tuairisc seo na torthaí deireanacha don Stát ina iomlán maidir leis na hábhair socheacnamaíocha seo a leanas: Príomhstádas Eacnamaíoch, Rannpháirtíocht sa Lucht Oibre, Tionscail, Gairm Bheatha, Grúpa Socheacnamaíoch, Aicme Shóisialta, Cáilíochtaí Oideachais, Míchumas, Cúramaithe, Gníomhaíochtaí Deonacha agus úinéireacht Charranna agus Ríomhairí Pearsanta.
Is iad seo a leanas na cinnlínte ó Phríomhthorthaí Socheacnamaíocha 2006:
Lucht Oibre suas 17.1% i gceithre bliana
Oibrí amháin as gach ochtar ina náisiúnach neamh-éireannach
Dífhostaíocht is airde i gCathair Luimní
Céatadán níos airde baineannaigh ag plé leis an oideachas
Duine i ngach cúigear le cáilíochtaí tríú leibhéil
Níos mó carranna agus úsáideoirí carranna
Formhór na ndaltaí bunscoile á dtiomáint chun na scoile
9.3% den daonra faoi mhíchumas
Beagnach 161,000 cúramaithe
Duine i ngach seisear 15 bliana d'aois nó níos sine ag plé le hobair dheonach
Tá tuilleadh eolais ar fáil sa phreas ráitis iomlán gur féidir a íoslódáil:
› Preas Ráitis - Daonáireamh 2006 Príomhthorthaí Socheacnamaíocha
nó íoslódáil an tuairisc:
› Daonáireamh 2006 Príomhthorthaí Socheacnamaíocha
31 Bealtaine 2007
Daonáireamh 2006 - Imleabhar 3 - Comhdhéanamh an Teaghlaigh, Aonaid Chlainne agus Torthúlacht
- An Teaghlach Clainne Traidisiúnta ag meath
- Líon na dteaghlach le duine amháin iontu ag méadú
- Titim leanúnach i meánmhéid an teaghlaigh
- Lánúineacha in aon tíos an cineál clainne is tapaidh fáis
- Níos lú leanaí fásta ina gcónaí in éineacht lena dtuismitheoirí
› Preas Ráitis Imleabhar 3 - Comhdhéanamh an Teaghlaigh, Aonaid Chlainne agus Torthúlacht
› Imleabhar 3 - Comhdhéanamh an Teaghlaigh, Aonaid Chlainne agus Torthúlacht (Béarla)
10 Bealtaine 2007
Daonáireamh 2006 - Imleabhar 2 - Aoiseanna agus Stádas Pósta
- Coibhneas is airde daoine óga sna bailte i gcrios comaitéara átha Cliath
- Céatadán níos airde daoine níos sine i gceantair tuaithe
- Méadú mór i ndaoine san aoisghrúpa 25 go 44 bliana
- Daoine colscartha an rannóg is tapaidh fáis faoin teideal ‘stádas pósta'
- Gaillimh - Cathair na ndaoine singil
› Preas Ráitis Imleabhar 2 - Aoiseanna agus Stádas Pósta
› Imleabhar 2 - Aoiseanna agus Stádas Pósta (Béarla)
26 Aibreán 2007
Daonáireamh 2006: Imleabhar 1 - Daonra rangaithe de réir Ceantair
- Cathracha ag cailliúint a sciar den daonra
- Méadú mór sna bailte
- éagsúlacht mhór i ndéanamh suas na nDáilcheantar
- Líonmhaireacht daonra ard in átha Cliath, íseal i Liatroim
› Preas RáitisDaonáireamh 2006: Imleabhar 1 - Daonra rangaithe de réir Ceantair
› Imleabhar 1 - Daonra rangaithe de réir Ceantair (Béarla)
29 Márta 2007
Foilsítear inniu Príomhthorthaí Déimeagrafacha ó Dhaonáireamh 2006.
Tugann an tuairisc seo na torthaí deireanacha daonáirimh don Stát ina iomlán do na hábhair dhéimeagrafacha seo a leanas: aois, gnéas, stádas pósta, náisiúntacht, socruithe cónaithe, imirce, an Ghaeilge, creideamh, Lucht Taistil na héireann, cúlra eitneach agus cultúr chomh maith le tithíocht.
Beidh torthaí níos sonraithe do na hábhair seo agus na torthaí socheacnamaíocha ar fáil sna himleabhair ábhair agus na Staitisticí Daonra um Cheantar Beag a bheidh ar fáil as seo go ceann 9 mí mar atá leagtha síos inár gclár foilseacháin. Beidh na sonraí ar fad curtha ar fáil ag an am céanna ar shuíomh idirlín na POS.
› Preas Ráitis - Príomhthorthaí Déimeagrafacha Daonáirimh 2006
› Príomhthorthaí Déimeagrafacha Daonáirimh 2006 (Béarla)
6 Feabhra 2007
Is féidir amchlár d'fhoilseacháin torthaí an Daonáirimh 2006 a fheiceáil thíos.
› Sceideal molta d'fhoilseacháin 2006
19 Iúil 2006
Inniu a fhoilsítear Réamhthuairisc Dhaonáirimh 2006.
Leagann an tuairisc seo síos líon na bhfear agus na mban i ngach Dáil Cheantair agus i ngach Toghroinn cheantair. Tá na réamh fhigiúirí seo bunaithe ar achoimirí daonra a chuir na háiritheoirí Daonáirimh le chéile.
Foilseófar fíor thorthaí daonra, bunaithe ar na Foirmeacha Daonáirimh scanáilte, idir mí an Aibreáin agus mí na Nollag 2007. Foilseófar réimse iomlán torthaí an daonáirimh i sraith imleabhar ábhair a chuirfear ar fáil ag an am céanna ar shuíomh idirlín na POS.
› Preas Ráitis - Réamhthuairisc Dhaonáirmh 2006
› Réamhthuairisc Dhaonáirmh 2006 (Béarla)
1 Meitheamh 2006
Míle buíochas le gach duine as páirt a ghlacadh i nDaonáireamh 2006.
Tá beagnach 1.5 milliún Foirmeacha Daonáirimh comhlánaithe á dtabhairt ar ais chuig príomhoifig an Daonáirimh i Sord, Co átha Cliath, áit a bhfuil an obair phroiseála á dhéanamh.
Ar an 19 Iúil 2006 foilseófar Réamhthorthaí an Daonáirimh 2006, a leagann síos líon na bhfear agus na mban i ngach Toghroinn Cheantair. Tá na réamh fhigiúirí seo bunaithe ar achoimirí atá curtha le chéile ag áiritheoirí Daonáirimh.
Foilseófar fíor thorthaí daonra, bunaithe ar na Foirmeacha Daonáirimh scanáilte, idir mí an Aibreáin agus mí na Nollag 2007. Foilseófar réimse iomlán torthaí an daonáirimh i sraith imleabhar ábhair a chuirfear ar fáil ag an am céanna ar shuíomh idirlín na POS.
4 Bealtaine 2006
Cuireadh tús le bailiúchán na bhFoirmeacha Daonáirimh chomhlánaithe ar an Luan 24 Aibreán agus leanfar leis suas go dtí Dé Luain 22 Bealtaine.
Tá tuairim an tríú chuid de na foirmeacha comhlánaithe (500,000) bailithe faoin am seo.
Ba mhaith linn iarraidh ar aon duine nach bhfuil a fhoirm bailithe go dtí seo comhoibriú leis an áiritheoir áitiúil mar seo a leanas:
- an fhoirm chomhlánaithe a choinneáil slán sábhailte agus ar fáil go héasca go dtí go dtagann an táiritheoir áitiúil chun í a bhailiú
- glaoch/téacs a chur chuig an áiritheoir le am feiliúnach leis an bhfoirm a bhailiú a shocrú más rud é nach raibh tú ann nuair a tháinig sé/sí agus má d'fhág sé/sí cárta le rá gur ghlaoigh sé/sí
- an doras a fhreagairt nuair a thagann an táiritheoir.
Beidh foireann oibre ar fáil ag an líne chabhrach (1890 236 787) ó Luan go hAoine: 9r.n. go dtí 5.30 i.n.
Tugaigí tacaíocht le bhur dtoil don áiritheoir áitiúil agus bígí san áireamh!
19 Aibreán 2006
Tá áiritheoirí an Daonáirimh an-ghnóthach le deireanas ag seachadadh Foirmeacha an Daonáirimh ar gach teaghlach sa tír le 3 seachtainí anuas.
Faoin am seo beidh foirmeacha daonáirimh faighte ag formhór na dteaghlach.
Tabharfar cuireadh ar fhógraí raidió, idir an 19 agus 21 Aibreán, do gach duine nach bhfuil foirm dhaonáirimh faighte aige / aici fós teagmháil a dhéanamh linn. Ar an gcaoi sin déanfar socrú go gcuirfidh an táiritheoir Daonáirimh áitiúil foirm ar fáil duit.
Is féidir teagmháil a dhéanamh linn le Foirm Dhaonáirimh a fháil tríd an suíomh idirlín agus an Líne Chabhrach Daonáirimh. Beidh deis ann foirm dhaonáirimh a iarraidh tríd an suíomh idirlín ar feadh deireadh seachtaine an daonáirimh agus don chuid is mó den tseachtain dár gcionn. Beidh foireann ar fáil ar an Líne Chabhrach Daonáirimh
(1890 236 787) le glaochanna a fhreagairt mar seo a leanas:
Luan go hAoine : 8 r.n. go 8 i.n.
Dé Sathairn 22 Aibreán 9 r.n. go 8 i.n.
Dé Domhnaigh 23 Aibreán 9 r.n. go 6 i.n.
29 Márta 2006
Inniu a sheol an Taoiseach an obair cheantair do Dhaonáireamh 2006.
Sna seachtainí amach romhainn, beidh 4,400 áiritheoirí Daonáirimh ag dul i dteagmháil le teaghlaigh le timpeall 1.5 milliún Foirm Dhaonáirimh a dháileadh ar gach teaghlach ar fud na tíre. Tá Foirmeacha an Daonáirimh le coinneáil go dtí Lá an Daonáirimh, 23 Aibreán agus ní mór gach duine atá i láthair sa teach ar an oíche sin a chur san áireamh ar an bhfoirm.
› Preas Ráitis - Sheol an Taoiseach an Obair Cheantair
Cuirfear tús freisin ar an 29 Márta le feachtas poiblíochta leis an bpobal a chur ar an eolas maidir le Daonáireamh 2006.
Is féidir teacht ar an bhfógra raidió don fheachtas poiblíochta sin anseo i bhformáid MP3
› Leagan Gaeilge (MP3 2.30KB)
|