|
Tá an-áthas orm fáilte a chur romhat chuig suíomh idirlín athdheartha na Príomh-Oifige Staidrimh (CSO). Tá an suíomh idirlín ar cheann de na príomhmhodhanna atá ag an oifig le heolas a scaipeadh. Tá forbairt as cuimse tagtha ar ár suíomh thar na blianta agus anois tá stór ollmhór eolais staitistiúil le fáil ann don chustaiméir. Rinneadh athdhearadh air ar mhaithe leis an gcustaiméir, chun é a dhéanamh níos simplí úsáid a bhaint as agus eolas a fháil uaidh. Tá bród ar an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) a fhógairt go bhfuil stádas rochtana idirlín trí 'A' bainte amach againn. Is féidir ár ndoiciméad faoi rochtain idirlín a fháil anseo (as béarla). Ón mbliain 1998 ar aghaidh cuireadh gach ráiteas staitistiúil ón Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) ar an suíomh ar an lá a foilsíodh é. Tá córas nua againn le sonraí a scaipeadh (as béarla) chomh maith, a thugann rochtain do mhéid ollmhór sonraí staitistiúla don chustaiméir. Tá Táblaí Idirghníomhacha Daonáirimh forbartha le déanaí againn freisin. Tá súil ag an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) suíomh idirlín den ardchaighdéan a choimeád i gcónaí agus tá ról ag an úsáideoir sa phróiséas seo. Cuirfear fáilte roimh do mholtaí maidir le hábhar agus leagan amach an tsuímh.
Gearóid Ó hAnluainn, An tArd-Stiúrthóir |
![]() |

